Aistriú Doppler nó iarmhairt Doppler a thugtar ar athrú na minicíochta ó fhoinse tonnta atá ag gluaiseacht. Léiriú maith é bonnán an otharchairr: nuair atá an carr ag teacht inár dtreo, táimid ag cloisteáil bíoganna an bhonnáin níos tibhe i ndiaidh a chéile (rud a fhágas go bhfuil an mhinicíocht níos airde, agus fuaim an bhonnáin níos géire), agus nuair atá sí ag imeacht uainn, is dóigh linn go bhfuil na bíoganna le cloisteáil níos scaipthe (agus ansin tá an mhinicíocht níos ísle, ionas go bhfuil an fhuaim níos doimhne). De réir an phrionsabail chéanna, nuair atá foinse aon chineál tonnta ag druidim chugainn, is dóigh linn go bhfuil an tonnfhad níos lú agus an mhinicíocht níos airde ná mar a shílfeadh an breathnóir atá ag gluaiseacht in éineacht leis an bhfoinse – agus a mhalairt más ag druidim uainne atá an fhoinse sin.
Ba é an réalteolaí Ostarach Christian Andreas Doppler a mhínigh an iarmhairt seo in alt faoi dhath na ndéréaltaí thiar sa bhliain 1842. D’aithin sé prionsabal uilechuimsitheach a bhfuil baint aige leis na fuaimthonnta, na radathonnta agus na tonnta leictrimhaighnéadacha de gach cineál, an gnáthsholas san áireamh. Tugtar deargaistriú ar an dóigh a dtéann aistriú Doppler i bhfeidhm ar sholas na réaltaí agus na réada réalteolaíocha eile agus iad ag druidim uainn, agus gormaistriú an téarma a thagraíos d’aistriú Doppler ag réaltaí atá ag gluaiseacht chugainn.