Altair nó Alpha Aquilae a thugtar ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Iolair. Réalta phríomhsheichimh den A-aicme is ea Altair agus í ar cheann de na réaltaí is gile ar an spéir, chomh cóngarach is atá sí dúinn – níl sí ach sé nó seacht solasbhliana déag uainn. Tá Altair ag dul timpeall ar a hais chomh sciobtha is go gcuireann an rothlú seo as a riocht í – níl sí sféarúil (níl sí ar dhéanamh na liathróide) ach sórt leibhéalta sna poil.
No comments:
Post a Comment